Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Tar Éis na Réabhlóide
اللغة: الأيرلندية
الترجمات:
الألمانية (Nach dem Aufstand)
Tar Éis na Réabhlóide
(1789)
Théis na Réabhlóide
cuireadh fiacha fola
ar gach mac tíre
Gan le déanamh
ach a cheann a stolladh
théis na Réabhlóide
Fiche nó níos daoire
ar choileán tollta
gach mac tíre
Ar ainmhí fásta
daichead punt bronnta
théis na Réabhlóide
Caoga an luach
má bhí sí ag súil
gach iníon tíre
Céad caoga an duais
ar mharfóir daonna
i gcló mhic tíre
théis na Réabhlóide.
Sealgaire nó creach na héinne
tar éis na Réabhlóide.