Michael Davitt
Oilithrigh
اللغة: الأيرلندية
الترجمات:
الألمانية (Pilger)
Oilithrigh
Ní rabhamar ar ár gcaid
Ní rabhamar ar dhrugaí
Ní rabhamar fé gheasa lucht geasa
Ní rabhamar fé gheasa reiligiúin
Ní rabhamar ar thaibléidí dochtúra ná piollaí
Ní rabhamar á fheiscint ar TV
Ní rabhamar á léamh ar nuachtán
Bhíomar ag bogshodar síos an bóithrín fada caol go Loch Deán
Ar maos inár séireatoinin fhéin
Slogtha siar inár mbeathaidh ag an aimsir láithreach
Cróch is coitsín fan na slí, gabhair, cleabhair is cleamairí
Oiread na fríde ó bheith inár n-oilithrigh aimsir Chaoimhín
Oiread na fríde ó bheith in ann an domhan a thuiscint