Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Irrintzina
اللغة: الأيرلندية
الترجمات:
الألمانية (Irrintzina)
Irrintzina
Teanga scairte i dTír na mBascach a
úsáidtear chun mothúcháin a chur in iúl.
Ó! Dá mbeimis ar bhur nós-na, a Bhascacha
ag scaoileadh le gach racht go hard,
ag ligint le gach gomh, gach gol, gach guí, gach gairdeas
i sruth géar glórmhar, gáirtheach...
bheimis sásta is grágach.