Nuala Ní Dhomhnaill
[You can read this poem in the following translations]:
Tabus (الألمانية)
Geasa
Má chuirim aon lámh ar an dtearmann beannaithe, má thógaim droichead thar an abhainn, gach a mbíonn tógtha isló ages na ceardaithe bíonn sé leagtha ar maidin romham. Tagann aníos an abhainn istoíche bád is bean ina seasamh inti. Tá coinneal ar lasadh ina súil is ina lámha. Tá dhá mhaide rámha aici. Tarraigíonn sí amach paca cártaí, “An imreófá breith?” a deireann sí Imrímid is buann sí orm de shíor is cuireann sí de cheist, de bhreith is de mhórualach orm gan an tarna béile a ithe in aon tigh, ná an tarna oíche a chaitheamh faoi aon díon, gan dhá shraic chodlata a dhéanamh ar aon leaba go bhfaighead í. Nuair a fhiafraím di cá mbíonn sí “Dá mba siar é soir,” a deireann sí, “dá mba soir é siar.” Imíonn sí léi agus splancacha tintrí léi is fágtar ansan mé ar an bport. Tá an dá choinneal fós ar lasadh le mo thaobh. D’fhág sí na maidí rámha agam.



