Nuala Ní Dhomhnaill

Nuala Ní Dhomhnaill

Contemporary Poetry
Irish

Homepage
->Ceist na Teangan

Translations: de

->
->An Bád Sí

Translations: de

->
->Geasa

Translations: de

->
->Tusa

Translations: de

->
->Aubade

Translations: en

->
->An Obair

Translations: de

->
->An Chaor Aduaidh

Translations: de

->
->Dubh

Translations: de

->
->Na Murúcha a Thriomaigh

Translations: de

->
->Cuimhne an Uisce

Translations: de

->

Nuala Ní Dhomhnaill

Audio 

You can read this poem in the following translations:

Tabus (German)

Geasa

Má chuirim aon lámh ar an dtearmann beannaithe,
má thógaim droichead thar an abhainn,
gach a mbíonn tógtha isló ages na ceardaithe
bíonn sé leagtha ar maidin romham.

Tagann aníos an abhainn istoíche bád
is bean ina seasamh inti.
Tá coinneal ar lasadh ina súil is ina lámha.
Tá dhá mhaide rámha aici.

Tarraigíonn sí amach paca cártaí,
“An imreófá breith?” a deireann sí
Imrímid is buann sí orm de shíor
is cuireann sí de cheist, de bhreith is de mhórualach orm

gan an tarna béile a ithe in aon tigh,
ná an tarna oíche a chaitheamh faoi aon díon,
gan dhá shraic chodlata a dhéanamh ar aon leaba
go bhfaighead í. Nuair a fhiafraím di cá mbíonn sí

“Dá mba siar é soir,” a deireann sí, “dá mba soir é siar.”
Imíonn sí léi agus splancacha tintrí léi
is fágtar ansan mé ar an bport.
Tá an dá choinneal fós ar lasadh le mo thaobh.

D’fhág sí na maidí rámha agam.
Top

©  Nuala Ni Dhmonaill

From: An Dealg Droighinn

The Mercier Press, Dublin 1981