Biddy  Jenkinson

Biddy Jenkinson

Contemporary Poetry
Irish

Homepage

Biddy Jenkinson

Audio 

You can read this poem in the following translations:

Dubhrois’ Harfe (German)

Cruit Dhubhrois

Bruith ladhracha im théada ceoil
ag corraíl fós a chruitire
clingeadh nóna ar crith go fóill
im chéis is an oíche ag ceiliúradh,

oíche thláith, gan siolla aeir,
a ghabhann chuici sinechrith
mo shreangán nó go dtéann falsaer
grá mar rithí ceoil faoin mbith,

go gcraitheann criogar a thiompán,
go gcnagann cosa briosca míl,
go sioscann fionnadh liath leamhain,
go bpleancann damhán téada a líne.

Is tá mo chroí mar fhuaimnitheoir
do chuisleoirí na cruinne cé
ón uair gur dhein mé fairsing ann
don raidhse tuilteach againn féin.

Nuair a leagann damhán alla géag
go bog ar théada rite a líne
léimeann mo théada féin chun ceoil
á ngléasadh féin dod láimhseáil chruinn.
Top

©  Biddy Jenkinson