Nuala Ní Dhomhnaill
Dieses Gedicht liegt in folgenden Übersetzungen vor:
Du (Deutsch)
Tusa
Is tusa, pé thú féin, an fíréan a thabharfadh cluais le héisteacht, b’fhéidir, do bhean inste scéil a thug na cosa léi, ar éigean, ó láthair an chatha. Níor thugamair féin an samhradh linn ná an geimhreadh. Níor thriallamair ar bord loinge go Meiriceá ná ag lorg ár bhfortúin le chéile i slí ar bith ins na tíortha teo thar lear. Níor ghaibheamair de bharr na gcnoc ar chapall láidir álainn dubh. Níor luíomair faoi chrann caorthainn is an oíche ag cur cuisne. Ní lú ná mar a bhí tinte cnámh is an adharc á séideadh ar thaobh na gréine. Eadrainn bhí an fharraige mhór atá brónach. Eadrainn bhí na cnoic is na sléibhte ná casann ar a chéile.



