Michael Davitt
Ó mo Bheirt Phailistíneach
18/9/82, iar bhfeiscint dom tuairisc theilifíse
ar shlad na bPailistíneach i mBeirut
Bhrúigh mé an doras
oiread a ligfeadh solas cheann an staighre
orthu isteach:
na héadaí leapa caite díobh acu
iad ina luí sceabhach
mar ar thiteadar:
a gúna oíche caite aníos thar a mása
fuil ar a brístín lása,
as scailp i gcúl a cinn
a hinchinn sicín ag aiseag ar an bpiliúr,
putóg ag úscadh as a bholgsan
mar fheamainn ar charraig,
ae ar bhraillín,
leathlámh fhuilthéachta in airde.
Ó mo bheirt Phailistíneach ag lobhadh sa teas lárnach.