Gabriel Rosenstock
Farrera [25-27]
Language: irish
Translations:
english (Farrera [25-27]), german (Farrera [25-27])
Farrera [25-27]
a gunsaku [haiku sequence]
25. litríocht á plé
an oíche go léir:
tostmhar an fíon sa ghloine
26. gíoscán na gclár urláir –
tuairisc ar chogadh
i gcéin
27. meán oíche –
níl gíocs ó chloigín
an chapaill sléibhe
written in the Catalonian Pyrenees, April 2003