Biddy Jenkinson
Cuairt an Chláraitheora ar Ghleann Dá Loch
Tá uisce an leá faoi mo bhuataisí.
Bíonn treá ar leith san uisce seo a shníonn
ina fhuil gheimhridh ó chruacha sneachta na gclaíocha,
ó dhroimeanna coscartha na saíne . . .
Níor bhorr an saol go fóill.
Tá fionnachruth ar fhéar an gharraí dhuibh
is loime cré sa bhuaile.
Tá blás fionnchorcra fuachta ar na beitheanna
ar bhóthar Chaoimhín faoi gheataí a dhísirt.
Mar seo a thagadh an Cláraitheoir.
Ní fheiceadh manaigh Ghleann Dá Loch an Cláraitheoir chucu.
Thagadh sé faoi scáil Cham a’ Doire, thar Loch na hOnchon
trí Ghleann na Samhadh
le fána
de thruslóga móra,
i gcomhléim
le heitleogaí an tsrutha lena ais
thar thulacha seansneachta
‛Leabhar an Bháis’ ina ucht,
mairbh Thamhlachta sínte taobh le taobh
ar leathanach úr na bliana;
fómhar dhoineann an Dá Loch le cur leo,
tráthnóna idir Geimhreadh agus Earrach.
Ghlacadh sé cóngar na fáschoille
i gcumar an dá ghleann
agus thagadh sé anoir aduaidh ar na manaigh
i gcónaí.
Bhuailtí creill na marbh ar a theacht.
D’inscrítí.
Chuirtí líne bás is beatha.
Táimse ag fionraí ar an gCláraitheoir
im bhróga báite, in íochtar Ghleann na Samhadh
idir dhá sholas.
Tá liúr na néal ag rith chugam síos le fána
is dreoilín easpaig ar eiteall le mí-fhoighid
sa roschoill taobh liom.
I gcomhsholas fear is tor
léimeann an sruth go postúil thar na clocha
is manach dubh ag seasamh leis sa rás,
a thaca ar an ngaoith, a chlóca dubh
ag déanamh sciatháin.
Is cuirim clabhsúr ar an nGeimhreadh dubhach
le lúcháir seanmhanaigh
a scinn go buach cathréimeach
– is gan choinne ar bith –
ón gCláraitheoir
thar líne
bliain dá raibh
go bhfaca sé fiondruiniú an dá loch liath,
sailchuacha, samhaircíní is fionnscoth bláth
ag fás aníos ar lorg an mhanaigh dhuibh
ón nGleann amach
soir ag an Abhainn Mhór.