Nuala Ní Dhomhnaill
Aubade
Aubade
Is cuma leis an mhaidin cad air a ngealann sí —
ar na cáganna ag bruíon is ag achrann ins na crainn
dhuilleogacha; ar an mbardal glas ag snámh go tóstalach
i measc na ngiolcach ins na curraithe; ar thóinín bán
an chircín uisce ag gobadh aníos as an bpoll portaigh;
ar roilleoga ag siúl go cúramach ar thránna móra.
Is cuma leis an ghrian cad air a n-éiríonn sí —
ar na tithe bríce, ar fhuinneoga de ghloine snoite
is gearrtha i gcearnóga Seoirseacha: ar na saithí beach
ag ullmhú chun creach a dhéanamh ar ghairdíní
bruachbhailte;
ar lánúine óga fós ag méanfach i gcomhthiúin is fonn
a gcúplála ag éirí aníos iontu; ar dhrúcht ag glioscarnach
ina dheora móra ar lilí is ar róiseanna; ar do ghuaille.
Ach ní cuma linn go bhfuil an oíche aréir
thart, is go gcaithfear glacadh le pé rud a sheolfaidh
an là inniu an tslí; go gcaithfear imeacht is cromadh síos
arís is píosaí beaga brealsúnta ár saoil a dhlúthú
le chéile ar chuma éigin, chun gur féidir
lenár leanaí uisce a ól as babhlaí briste
in ionad as a mbosa, ní cuma linne é.